-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Socrúchán Oibre do Mhic Léinn
Ag dul ar Shocrúchán
Is modúl foghlama obair-bhunaithe é an socrúchán oibre atá leabaithe i gcláir áirithe in Ollscoil na Gaillimhe. Cuireann sé ar do chumas taithí oibre luachmhar a fháil le cur ar do CV agus foghlaimeoidh tú scileanna nua sa timpeallacht oibre ag an am céanna. Cuidíonn sé seo le d’infhostaitheacht a fheabhsú don todhchaí.
Tá an clár foghlama obair-bhunaithe seo éigeantach agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar do chéim a bhronnadh ort mura gcuirfidh tú an Clár Taithí Gairmiúla i gcrích go sásúil.
Conas a rachaidh an socrúchán oibre chun tairbhe duit?
• Tugann sé deis duit an obair theoiriciúil a chleachtadh.
• Foghlaimítear eolas agus scileanna nua a bhaineann leis an saol acadúil agus pearsanta.
• Tugann sé léargas ar an saol oibre, forbraítear féinfheasacht agus tacaíonn sé le cinntí gairme a dhéanamh.
• Cuireann sé le do CV, ag leagan béime ar do chuid scileanna agus éachtaí nua.
• Cuireann sé le d’infhostaitheacht agus do sheans ar phost a bhaint amach i ndiaidh na céime.
• Cruthaíonn sé líonra de theagmhálacha féideartha don tréimhse atá le teacht.
Próiseas an tSocrúcháin Oibre
Dianchúrsa:
Glacfaidh tú páirt inár nDianchúrsa Socrúcháin Oibre an bhliain sula dtéann tú ar shocrúchán oibre.
Is éard atá sa Dianchúrsa Infhostaitheachta don Fhoghlaim Obair-bhunaithe sraith ceardlann infhostaitheachta atá mar bhonn ag Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim a dhéanann iarracht na mic léinn a ullmhú do phróiseas an tsocrúcháin oibre. Tá trí chuid i gceist.
- Seisiún Comhairleach: Áirítear sa chuid Chomhairleach den cheardlann dianchúrsa rannpháirtíocht idirghníomhach le Lucht Léinn, Comhairleoirí Gairme, Oifigigh Socrúcháin Oibre agus mic léinn a bhfuil fostóirí aimsithe acu agus mic léinn i mbliain na céime. Úsáidtear uirlis idirghníomhach ar líne chun riachtanais na mac léinn a léiriú agus a gcuid tuisceana a mheas.
- Ceardlann CV: Ceardlann idirghníomhach atá sa cheardlann CV a reáchtáiltear i ríomhlann, áit a mbeidh dréacht CV comhlánaithe ag grúpa mac léinn. Déantar é a uaslódáil ar an ríomhaire agus déantar gach mír den CV a mhíniú píosa ar phíosa ar bhealach idirghníomhach.
- Athbhreithniú CV duine le duine: Déanann gach mac léinn an leagan deiridh dá CV a chur i gcrích i ndiaidh dóibh an cheardlann CV a chríochnú. Ina dhiaidh sin, tugtar an leagan seo chuig coinne athbhreithnithe CV duine le duine, áit a ndéanfar athbhreithniú ar gach CV chun a chinntiú gurb é an leagan is fearr is féidir é. Is féidir coinní a dhéanamh ar Careers Connect.
Bliain an tsocrúcháin oibre:
Nuair a fhillfidh tú do sheimeastar a haon, iarrfar ort cur i láthair ar an socrúchán oibre a thabhairt. Leis seo tabharfar eolas duit maidir leis an Iarratas ar Shocrúchán Oibre ar líne. Beidh ceardlann ar scileanna agallaimh ar fáil duit chomh maith a thabharfaidh cúnamh duit agus tú ag ullmhú d’agallaimh.
Is é an tIarratas ar Shocrúchán Oibre an córas ar líne a úsáidtear chun próiseas an tsocrúcháin oibre uile a bhainistiú. Nuair a bheidh tú cláraithe ar an gcúrsa tabharfar rochtain duit ar an gcóras. Beidh tú in ann do CV a uaslódáil agus iarratas a dhéanamh ar na socrúcháin atá fógartha. Déantar próiseas an tsocrúcháin oibre ar fad ó chéim an iarratais go dtí céim na tairisceana a bhainistiú ar an Iarratas ar Shocrúchán Oibre.